16.2.09

Comórtas Filíochta

An ráiteas seo ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi chomórtas filíochta. Foilseoidh Comhar an dán buach:

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil Comórtas Filíochta le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éirinn arís i mbliana. Ba é anuraidh an chéad bhliain don chomórtas agus ó tharla gur léiríodh an oiread sin spéise ann agus gur ócáid fíor thaitneamhach a bhí ann shocraigh an Chomhdháil é a chur ar siúl arís i mbliana. Is comórtas filíochta dátheangach atá i gceist, agus is féidir le filí dánta nuachumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na hAlban a chur isteach ar an gcomórtas, ach leagan Béarla a chur ar fáil chomh maith.

Is go hAlbain a chuaigh an duais anuraidh chuig file darb ainm Niall Gordon lena dhán Rannan na Bliadhna... Roghnófar na hocht ndán is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh an t-údar deis a dhán a léamh ag oíche mhór an chomórtais in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Roghnófar buaiteoir iomlán an chomórtais ar an oíche sin, bronnfar duais de €500 orthu, agus foilseofar an dán i nuachtlitir na Comhdhála i mí Bealtaine agus san irisleabhar Comhar.

Níl aon táille iontrála i gceist don chomórtas seo, agus níl aon srian maidir le hábhar, fad, téama nó stíl. Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh 03 Aibreán 2009 ach teagmháil a dhéanamh le Síle Ní Chatháin. Eolas: sile(AG)comhdháil(PONC)ie