16.2.09

Comórtas Filíochta

An ráiteas seo ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi chomórtas filíochta. Foilseoidh Comhar an dán buach:

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil Comórtas Filíochta le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éirinn arís i mbliana. Ba é anuraidh an chéad bhliain don chomórtas agus ó tharla gur léiríodh an oiread sin spéise ann agus gur ócáid fíor thaitneamhach a bhí ann shocraigh an Chomhdháil é a chur ar siúl arís i mbliana. Is comórtas filíochta dátheangach atá i gceist, agus is féidir le filí dánta nuachumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na hAlban a chur isteach ar an gcomórtas, ach leagan Béarla a chur ar fáil chomh maith.

Is go hAlbain a chuaigh an duais anuraidh chuig file darb ainm Niall Gordon lena dhán Rannan na Bliadhna... Roghnófar na hocht ndán is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh an t-údar deis a dhán a léamh ag oíche mhór an chomórtais in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Roghnófar buaiteoir iomlán an chomórtais ar an oíche sin, bronnfar duais de €500 orthu, agus foilseofar an dán i nuachtlitir na Comhdhála i mí Bealtaine agus san irisleabhar Comhar.

Níl aon táille iontrála i gceist don chomórtas seo, agus níl aon srian maidir le hábhar, fad, téama nó stíl. Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh 03 Aibreán 2009 ach teagmháil a dhéanamh le Síle Ní Chatháin. Eolas: sile(AG)comhdháil(PONC)ie

Adamhbhuama

Mo mhíle buíochas le Ríona Nic Congáil, ball de bhord na hirise seo, as an suíomh seo a bhunú. Déanfaidh mé mo dhícheall píosaí nuachta agus eile a chur air oiread agus is féidir liom agus tú a choinneáil ar an eolas faoin iris. Cibé, seo dán mar thús.

Adamhbhuama

An t-adamh a scoilteadh
An t-amhrán a shaoradh;
Néal ocrach na filíochta
Ag éirí ina mhuisiriún Gaelach
Os cionn mhachairí na cruinne –
Tá dán tar éis titim ar Ard Mhacha.

13.2.09

Comhar - Feabhra 2009



Clár an Eagráin:

EAGARFHOCAL
Pól Ó Muirí

HOWL IS ABHUS
Gabriel Rosenstock

COMHAR NA COLÓIME
Réamonn Ó Muireadhaighí

PÁRLAIMENT NA MBAN: SAOTHAR CEANNRÓDAÍOCHTA NÓ TRÁCHTAS TRAIDISIÚNTA
Mairéad Ní Chinnéide

BARRACK: AN BHÉAL BHINN
Seán Ó Héalaí

MR. IRISEOIR GAEILGE GOES TO WASHINGTON
Seán Tadhg Ó Gairbhí

MÁIRE MHAC AN DÁIN
Rachel Ní Fhionnáin

BUA AN SCÉALAÍ
Fionntán de Brún

FILÍOCHT
Pablo Neruda / Caitríona Ní Chléirchín

LE hAER AN tSAOIL
Mícheál Ó Ruairc

OS MO CHOMHAIR
Rachel Ní Fhionnáin